Back to All Events

Belfast Tradfest Presents: Na Máistrí

Doors 7.30pm / 18+

An unforgettable evening celebrating the masters of Irish traditional music, song, and dance. Featuring some of the most respected and dynamic performers in the tradition today, presented by Belfast’s very own Neil Martin. 

Oíche speisialta ag ceiliúradh máistrí cheol, amhránaíochta agus damhsa traidisiúnta na hÉireann. Bí ag súil le ceol cumhachtach, amhráin bhinn, damhsa a thógann an croí, agus croílár beo an traidisiúin curtha i lathair ag Neil Martin. 

Caitlín Nic Gabhann & Ciarán Ó Maonaigh

Caitlín Nic Gabhann is a leading concertina player, dancer and teacher from County Meath, widely recognised for her innovative work in performance and education. Ciarán Ó Maonaigh is a fiddle player from Gaoth Dobhair, Co. Donegal, known for his distinctive regional style and long-standing contribution to the tradition. Together, they perform internationally, combining deep-rooted tradition with contemporary creativity across music and dance. 

Is seinnteoir consairtín, damhsóir agus múinteoir iomráiteach as Contae na Mí í Caitlín Nic Gabhann, a bhfuil aithne mhór uirthi as a cuid oibre nuálaí i gcúrsaí léirithe agus oideachais. Is fidléir as Gaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall é Ciarán Ó Maonaigh, a bhfuil cáil air as a stíl shainiúil dhúchasach agus as a chuid oibre leanúnaí sa traidisiún.

Le chéile, bíonn siad ag seinm go hidirnáisiúnta, ag ceangal traidisiún domhain fréamhaithe le cruthaitheacht chomhaimseartha trí cheol agus damhsa.

Oisín MacDiarmada & Samantha Harvey

Oisín MacDiarmada is an All-Ireland champion fiddler and founder of the internationally acclaimed group Téada. A leading figure in the Sligo tradition, he has toured globally and co-authored The Fiddlers of Sligo Tunebook. Samantha Harvey is an award-winning step dancer, pianist and accordionist who performs internationally with Téada and major touring productions. 

Is fidléir as Contae Shligigh é Oisín Mac Diarmada agus bunaitheoir an ghrúpa cháiliúil Téada. Mar dhuine de mhórphearsana thraidisiún Shligigh, tá camchuairt déanta aige ar fud an domhain agus bhí sé mar chomhúdar ar The Fiddlers of Sligo Tunebook.

Is damhsóir, pianódóir agus seinnteoir bosca ceoil í Samantha Harvey a bhfuil gradaim mhóra bainte amach aici agus a bhíonn ag seinm go hidirnáisiúnta le Téada agus le léirithe móra eile.

Daibhidh Stiùbhard

A traditional singer from Co. Tyrone, Daibhidh Stiùbhard is known for his distinctive voice and repertoire spanning Irish and Scots Gaelic song. His debut album An Sionnach Dubh (2020) reflects a deep connection to language and tradition. A Fleadh-winning singer, he has performed at festivals including Celtic Connections and featured on BBC Radio Ulster. 

Is amhránaí traidisiúnta as Contae Thír Eoghain é Daibhidh Stiùbhard, a bhfuil cáil air as a ghlór sainiúil agus as a stór amhrán Gaeilge agus Gàidhlig na hAlban. Léiríonn a chéad albam An Sionnach Dubh (2020) nasc domhain leis an teanga agus leis an traidisiún. Mar amhránaí a bhain duaiseanna amach ag Fleadh Cheoil na hÉireann, tá sé tar éis bheith ag seinm ag féilte ar nós Celtic Connections agus bíonn sé le cloisteáil ar BBC Radio Uladh.

Neil Martin (MC)

Belfast-born composer, cellist and uilleann piper Neil Martin has built an international career spanning opera, theatre, film and concert music. His work has been performed worldwide, from the Royal Albert Hall to Carnegie Hall, and he has collaborated with artists including Seamus Heaney, Liam O’Flynn and Jean Butler. A prolific producer and arranger, he has contributed to over 100 albums and continues to explore connections between traditional and contemporary music. 

Cumadóir, dordveidhleadóir agus píobaire uilleann as Béal Feirste é Neil Martin, a bhfuil gairm idirnáisiúnta tógtha aige i réimsí na ceoldrámaíochta, na hamharclannaíochta agus an scannánaíochta. Tá a shaothar léirithe ar fud an domhain, ón Royal Albert Hall go Carnegie Hall, agus chomhoibrigh sé le healaíontóirí ar nós Seamus Heaney, Liam Ó Floinn agus Jean Butler. Mar léiritheoir agus cumadóir ceoil, chuir sé le breis agus 100 albam agus leanann sé air ag fiosrú na gceangail idir ceol traidisiúnta agus ceol comhaimseartha.

Beidh Neil mar fhear an tí ar an oíche.

Conor Connolly

A TG4 Young Musician of the Year (2019), Conor Connolly is a button accordion player, pianist and singer from Clarinbridge, Co. Galway. Rooted in a rich musical tradition, his influences span leading accordionists, pipers and early 20th-century Sligo musicians. He has toured widely, performs regularly at festivals and summer schools, and represented Ireland at Expo 2020 in Dubai. 

Buaiteoir Ghradam Ceoltóir Óg na Bliana TG4 (2019), is seinnteoir bosca ceoil, pianódóir agus amhránaí as Droichead an Chláirín, Contae na Gaillimhe é Conor Connolly. Tá sé fréamhaithe i dtraidisiún saibhir ceoil agus tá tionchar ag ceoltóirí móra bosca ceoil, píobairí agus ceoltóirí Shligigh ó thús an 20ú haois ar a stíl. Tá camchuairt mhór déanta aige, bíonn sé ag seinm go rialta ag féilte agus scoileanna samhraidh, agus rinne sé ionadaíocht ar Éirinn ag Expo 2020 i Dubai.

Mirella Murray

From Claddaghduff, Connemara, Mirella Murray is an All-Ireland champion accordion player who grew up immersed in traditional music. She has performed internationally and recorded acclaimed work including Three Sunsets with Tola Custy. A highly respected teacher, she has mentored numerous All-Ireland winners and is a long-standing member of Cherish the Ladies. 

As an gClochán Dubh i gConamara í Mirella Murray, seinnteoir bosca ceoil agus buaiteoir ar Chraobh na hÉireann a tógadh i gcroílár an traidisiúin. Tá sí tar éis seinm agus taifeadadh go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear an saothar mór le rá Three Sunsets le Tola Custy. Mar mhúinteoir a bhfuil ardmheas uirthi, threoraigh sí go leor buaiteoirí uile-Éireann agus tá sí ina ball de Cherish the Ladies le blianta fada.

Robbie Harris

Robbie Harris is one of Ireland’s foremost percussionists, known for his work with Jiggy, Pólca 4 and numerous international artists. His playing blends Irish traditional rhythm with global percussion styles, bringing a distinctive energy to ensemble performance. A respected educator, he has worked extensively in music education and outreach across Ireland. 

Tá Robbie Harris ar dhuine de na cnagcheoltóirí is tábhachtaí in Éirinn, agus cáil air as a chuid oibre le Jiggy, Pólca 4 agus go leor ealaíontóirí idirnáisiúnta eile. Cumascann a sheinm rithimí traidisiúnta na hÉireann le stíleanna cnaguirlisí ó gach cearn den domhan, rud a thugann fuinneamh sainiúil dá chuid oibre. Mar oideachasóir a bhfuil meas mór air, d’oibrigh sé go fairsing i gcúrsaí oideachais agus for-rochtana ceoil ar fud na hÉireann.

George McAdam

A tenor banjo player from Ballybay, Co. Monaghan, George McAdam is recognised as one of the foremost players of his generation. An All-Ireland Senior Banjo Champion (2015), he has won multiple titles across banjo, mandolin and céilí drums. A member of the All-Ireland-winning Blackwater Céilí Band, he performs widely and is a sought-after tutor at festivals and summer schools. 

Is seinnteoir bainseó as Béal Átha Beithe, Contae Mhuineacháin é George McAdam, agus aithnítear é mar dhuine de na ceoltóirí is fearr dá ghlúin. Tá iliomad teideal bainte amach aige ar an bhainseó, ar an mandailín agus ar na drumaí céilí. Mar bhall den Blackwater Céilí Band a bhuaigh Craobh na hÉireann, bíonn sé ag seinm go fairsing agus tá éileamh mór air mar theagascóir ag féilte agus scoileanna samhraidh.

Donogh Hennessy

Donogh Hennessy is a highly influential guitarist, best known as a founding member of Lúnasa and for his work with Lumiere. Renowned for his distinctive accompaniment style, he has collaborated with many leading figures in Irish traditional music. His playing has helped redefine the role of guitar in traditional ensembles, combining subtlety, rhythm and innovation. 

Is giotáraí mór le rá é Donogh Hennessy, agus is fearr aithne air mar bhall bunaithe de na grúpaí Lúnasa agus Lumiere. Tá cáil air as a stíl shainiúil tionlacain agus chomhoibrigh sé le go leor de mhórphearsana cheol traidisiúnta na hÉireann. Chabhraigh a sheinm le ról an ghiotáir i ngrúpaí traidisiúnta a athshainiú, ag comhcheangal rithime agus nuálaíochta.

Later Event: October 9
Rachel Grace